Maidir Le Busconnects

Is tionscadal ollmhór múnlaithe cathrach é BusConnects a chuirfidh feabhas suntasach ar bhonneagar iompair phoiblí, rothaíochta agus coisithe ar fud Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Cuirfidh BusConnects seirbhísí bus iontaofa agus níos minice ar fáil thar 12 chonair nua ar fud na cathrach, lena n-áireofar tógáil 230 ciliméadar de chonairí bus agus 200 ciliméadar de lánaí rothaíochta.

Cuirfidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) tús leis an dtógáil thar dhá scéim ó lár 2025, agus is iad Baile Munna/Fionnghlas agus Gleann na Life go Lár na Cathrach na chéad scéimeanna a gcuirfear tús leis an tógáil.

Spreagfaidh BusConnects athrú dearfach inár sráideanna agus inár mbruachbhailte agus iad ag tógáil bonneagar a theastaíonn ó Bhaile Átha Cliath chun amanna turais a fheabhsú, áiseanna rothaíochta agus coisithe a fheabhsú agus áit níos fearr chun cónaí agus oibriú inti, a dhéanamh dár gcathair atá ag fás.

Gleann Na Life Go Lár Na Cathrach

Is í scéim Ghleann na Life go Lár na Cathrach an chéad cheann de dhá cheann déag de Chonairí Bus Lárnacha a gcuirfear tús lena tógála i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath mar chuid den tionscadal BusConnects. Tá 18.4 ciliméadar de chonairí bus ina iomlán ag dul sa dá threo, agus é mar aidhm aici feabhsuithe riachtanacha ar an mbonneagar bus, rothaíochta agus siúil a sholáthar. Cuirfear tús leis an scéim ag Bóthar Chnoc an Fhuaráin, agus í á nascadh le hacomhal bus nua Ionad Siopadóireachta Ghleann na Life. Leanfaidh an bealach, as sin, ó dheas i dtreo Bhóthar na Botha Fuaire, trí shráidbhaile Bhaile Formaid agus isteach ar Bhóthar an tSáirséalaigh. Leanfaidh an scéim ar aghaidh ansin trí Chorrán Grattan, Bóthar Emmet, agus Sráid Shéamais sula sroicheann sí Sráid Thomáis agus an tSráid Ard. Ón tSráid Ard, nascfaidh sí leis an gcóras tráchta atá ansin cheana féin i lár na cathrach.

An Staid Tógála

Táthar ag súil go gcuirfear tús le Scéim Ghleann na Life go Lár na Cathrach a thógáil i lár 2025.

Leanfaimid leis an eolas is déanaí a chuir ar fáil den phobal, faoi na gnéithe is déanaí den tionscadal, lena n-áirítear cathain a chuirfear tús leis an obair.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi atreorú tógála agus léarscáil idirghníomhach maidir le Tógáil Ghleann na Life, féach an léarscáil idirghníomhach atá ar fáil ar leathanach baile an láithreáin seo. Tá na doiciméid agus na tuarascálacha cuí maidir leis an scéim ar fáil le híoslódáil ar ár leathanach Doiciméid Phleanála ABP. Tá rochtain ar an leathanach seo ag an nasc seo. Leathanach Doiciméid Phleanála ABP.